Fáilte go Scoil Adhamhnáin Naofa

Céad Míle Fáilte go dtí suíomh Scoil Adhamhnáin Naofa, An Luinnigh. Bunaíodh an scoil sa bhliain 1945. Is scoil mheasctha, Chaitliceach, Ghaeltachta í Scoil Adhamhnáin a bhfuil oideachas iomlán an pháiste trí mheán na Gaeilge mar phríomhaidhm aici. Tá an scoil faoi phátrúnacht Easpag Rath Bhóth agus déantar dea-luachanna Críostúla a chothú. Creidimid go bhfuil comhoibriú, dea-bhéasaí agus dea-iompar riachtanach d’éifeacht na scoile agus d’fhorbairt agus dul chun cinn na bpáistí.

Tá 127 dalta ag freastal ar an scoil faoi láthair. Curaclam páiste-lárnach atá i bhfeidhm a aithníonn luach agus éagsúlacht gach páiste agus a chuireann ar a chumas an fhorbairt iomlán is dual dó/dí a dhéanamh mar pháiste, agus ina shaol sa tsochaí. Spreagfar na páistí bheith bródúil as a gcultúr agus a n-oidhreacht gaelach agus cuirtear an-bhéim ar ghnéithe den chultúir Gaelach- teanga, ceol, drámaíocht, spórt agus litríocht. Glacann páistí páirt i gcomórtais agus i go leor imeachtaí breise pobail – Féile Scoil Drámaíochta, An Béal Binn, Abair Amach, Scríobh Leabhar, Seachtain na Gaeilge, Tráth na gCeist an Chomhar Creidmheasa agus Imeachtaí Spóirt. Aithníonn muid go ndéanann sé an-leas do pháistí páirt a ghlacadh i n-imeachtaí mar seo agus go gcuireann sé go mór lena féinmhuinín, féinmheas agus a scileanna sóisialta.

Tá rannpháirtíocht agus tacaíocht na dtuismitheoirí mar chuid thábhachtach de shaol na scoile. Bímid ag obair as lámha a chéile; páistí, foireann scoile, tuismitheoirí agus baill an phobail chun na deiseanna foghlama is fearr i suíomh dea-eagraithe, taitneamhach agus spraíúil a chur ar fáil do pháistí na scoile.

Tá súil againn anseo go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as an suíomh agus go dtiocfaidh tú ar an eolas atá á lorg uait.

Mol an óige agus tiocfaidh sí