Is Scoil Chaitliceach Gaeltachta í Scoil Adhamhnáin, faoi Phátrúnacht Easpaig Ráth Bhotha.

Glacann foireann na Scoile go fonnmhar lena gcúram timpeallacht Chríostaí, Gaelach, Staidéartha, Sábháilte agus Taitneamhach a chothú agus a fhorbairt.

Beidh meas ar achan pháiste agus dhéanfar gach dícheall cuidiú leis / léi a fhíor phoitéinseal a fhorbairt agus fás i meas orthu féin, ar Dhia ar dhaoine eile agus ar ár dtimpeallacht.

Fáiltíonn muid roimh dhúshlán an todhchaí, agus tuigeann muid an tábhacht atá le co-oibriú éifeachtach idir daltaí, tuismitheoirí, foireann, bainistíocht agus an pobal áitiúil.