Bhí lá iontach againn ar scoil Dé hAoine 28ú ag ceiliúradh Oíche Shamhna.🎃👻🧙♀️ Bhí paráid ar siúl againn sa halla spóirt agus rinne gach duine idir páistí agus foireann na scoile an- iarracht ag cóiriú suas. Maith sibh uilig!!👏🏻
Fuair gach páiste cupcakes blásta ar an lá chomh maith mar gheall ar an iarracht iontach atá siad a dhéanamh ag labhairt Gaeilge. Buíochas mór le Dónall Ó Chnaimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga, a thug airgead dúinn le seo a dhéanamh agus muid ag dul ó neart go neart ag spreagadh na Gaeilge. Maith sibh a pháistí, coinnigh leis😊🧁👏🏻
Míle buíochas do pháistí agus tuismitheoirí na scoile do na boscaí bróga ‘Team Hope, Shoe Box Appeal’ atá ag dul go dtí na páistí bochta ar fud an domhain.





















































