Oíche Fhéile Bríde
Míle buíochas do gach duine a tháinig amach aréir do oíche shóisialta na Féile Bríde . Buíochas mór don tAthair Mac a Bhaird a bheannaigh na feagacha/crosógaí, le gach duine a chuidigh ar dhóigh ar bith agus do na ceoltóirí ón Chrannóg a chur go mór leis an oíche. Bhí oíche ghalánta againn agus bhain muid uilig sult mhór as.
”Anois teacht an Earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh. Is tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol”
Beannachtaí na Féile Bríde oraibh go léir.






