Thug na ranganna go léir cuairt ar Dhaidí na Nollag in Ionad Pobail Chnoc Fola ar an 6ú Nollaig. Bhí an t-Ionad déanta suas go galánta don Nollag. Bhain na páistí sult mhór as an lá. Buíochas mór do Chóiste Forbartha Chnoc Fola a d’eagraigh an lá speisialta seo.





