Ghlac páistí ó Rang 1-Rang 6 páirt i rasaí tras tíre i gCarraig Fhinne ar an Aoine 10ú Deireadh Fómhair. Comhghairdeas leis na páistí go léir a bhuaigh boinn agus a ghlac páirt. Rinne siad go léir iarracht ar dóigh. Rachaidh cuid de na páistí ar aghaidh go dtí Craobh na Condae. Maith sibh uilig.



