Ghlac páistí ó Rang 3-Rang 6 páirt i rasaí tras tíre i Machaire Gathlán an tseachtain seo chaite. D’éirigh go hiontach leo agus chuaigh cuid de na páistí ar aghaidh go dtí na trialacha do Chluichí Pobail Dhún na nGall a bhí i Leitir Ceanainn ag an deireadh seachtaine. Comhghairdeachas leis na páistí go léir a bhuaigh boinn agus gach duine a ghlac páirt.

